Base

Céadainm/First Name

Caitríona

Ainm Úsáideora/Username

caitriona

Leibhéal Teanga/Language Level

C1+ (Advanced)

Do Shuíomh/Your Location

-Oirthuaisceart/Northeast, USA

Fúm/About Me

Rugadh agus tógadh Caitríona in Éirinn. Tá sí cáilithe mar mhúinteoir bunscoile in Éirinn (B. Ed. H.Dip) agus mar mhúinteoir rince (TMRF). Mhúin sí i mbunscoil i gCo. Laoise. Shocraigh sí ar ceol agus corpoideachas a mhúineadh trí Ghaeilge ansin, rud nach raibh daoine eile ag déanamh ag an am. Sa samhradh, thóg sí daltaí léi go dtí an Cheathrú Rua i gConamara, áit inar mhúin sí ar chúrsaí samhraidh. Chaith sí seal sa tSeapáin agus mhúin sí Seapáinis i mBaile Átha Cliath nuair a tháinig sí abhaile. Is í sna Stáit Aontaithe i gCalifornia, bhain sí céim (MA) amach sa Spáinnis is mhúin sí Spáinnis agus Seapáinis i meánscoileanna agus Spáinnis ag Coláiste Pobal. Ina dhiaidh sin, is taithí aici ar theangachaí éagsúla a mhúineadh, bhunaigh sí Conradh na Gaeilge, Craobh na nAingeal i gCathair na nAingeal. Bhí scrúdú TEG acu ag a nDeireadh Seachtaine Gaeltachta ansin don chéad uair i 2019. Is breá le Caitríona a saol as Gaeilge. Nós aici a Gaeltacht féin a chruthú, pé áit ina bhfuil sí ar domhan. Anois, tá sí tagtha go D.C. is tá fonn uirthi a grá mór don Ghaeilge agus conas craic a bhaint as foghlaim a roinnt le daoine anseo.