| Fúm/About Me |
Haigh, a chairde! Is mise Naomi. Rugadh mé i Philadelphia ach tá cónaí orm i San Francisco anois.
Nuair a bhí mé óg, bhíodh mo sheanmháthair ag rá rudaí greannmhara uaireanta ar nós “lon” agus “a aon, a do, a troi”. Bhí a fhios agam gur as Dún na nGall di, ach ní raibh a fhios agam go raibh sí ag labhairt Gaeilge go dtí go raibh sí ag fáil bháis agus sí ag rá a paidreacha i nGaeilge ar leaba an ospidéil.
Tá leathanach Wikipedia ag mo sheanmháthair… https://en.wikipedia.org/wiki/Kathleen_Antonelli
…agus a hathair chomh maith: https://en.wikipedia.org/wiki/James_McNulty_(Irish_activist)
Táim ag foghlaim Gaeilge Uladh (“cad é, cad é…”), ach tá sé deacair dom anseo i San Francisco!
|