TAR AG OBAIR LINN!
An dteastaíonn uait an Ghaeilge a chur chun cinn d’fhoghlaimeoirí ar fud na cruinne?
Tá Let’s Learn Irish ag cuidiú le foghlaimeoirí idirnáisiúnta ó 2009. Tá cáil bainte amach againn maidir lenár gcúrsaí Gaeilge ar ardchaighdeán, agus teastaíonn uainn múinteoirí nua a earcú dá bharr.
Riachtanach:
1. Céim sa Ghaeilge nó cáilíocht acadúil sa Ghaeilge.
2. Taithí múinteoireachta le foghlaimeoirí fásta.
3. Scileanna láidre teicneolaíochta agus taithí le físeáin a thaifead.
Más spéis leatsa an teanga a chothú i gcomhphobal na Gaeilge, líon an fhoirm thíos!
