Member Profile: Seán Ó Ceallaigh

Seán Ó Ceallaigh has been steadily learning Irish at his home in Chesapeake, Virginia, for 8 years.  He takes every available opportunity to study, attend classes, meet fellow learners and share his love of Gaeilge. Seán is an active community member, and you will often find him at our monthly Free Workshop, helping other learners get started on their own language journey!

Deir Seán: Tháinig mo shinseanthuismitheoirí go dtí na Stáit Aontaithe sna 1880í. Bhí Gaeilge acu, ach níor roinn siad a dteanga leis na páistí a bhí acu, agus sin an fáth go bhfuair sí bas. Nuair a bhí mé i mo pháiste, d’inis mo sheanmháthair scéal dom faoina tuismitheoirí ag labhairt Gaeilge. Chuir mé an cheist uirthi, cén fath nach bhfuil Gaeilge againne? Mhínigh sí go raibh teanga eile ina míbhuntáiste ag an am sin. Bhí suim agamsa i nGaeilge tar éis sin an méid sin a chloisteáil. Chuaigh mé go hÉirinn in 1980, agus chuala mé Gaeilge á labhairt ag muintir na háite. Chinn mé go bhfoghlaimeoidh mé an teanga lá éigin. Thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge i 2014 le Duolingo. Cheannaigh mé cupla leabhair, mar shampla Buntús Cainte, Gaeilge gan Stró, Colloquial Irish srl. Thaistil mé 3 uair go Nua-Eabhrac, le freastal ar dhianchúrsa leis an ngrúpa Daltaí na Gaeilge. D’fhreastal mé ar ranganna B1 & B2 le Let’s Learn Irish & bhí siad go hiontach! Anois, éistim le RnaG agus bím ag féachaint ar TG4 gach lá. Is brea liom Gaeilge a labhairt. Nílim liofa go fóill, ach leanfaidh mé á foghlaim go dtí go bhfaighidh mé bas! Ba mhaith liom a bheith i mo mhúinteoir Gaeilge lá eigin.

Cé Thusa?

Ainm/Name: Seán Ó Ceallaigh
Áit/Location: Chesapeake VA, Stáit Aontaithe Mheiriceá

Leibhéal/Level:
B2 Upper Intermediate

Ról sa Chomhphobal/Role in the Community:
Cúntóir Teanga/Language Helper

Slí Beatha/Occupation:
Muirshaighdiúir ar scor

Am ag foghlaim Gaeilge/Time learning Irish:
10 mbliana

Caithimh Aimseartha/Hobbies:
Ag foghlaim na Gaeilge, Aclaíocht

Cad is Fearr Leat?

Ceol/Music: Ceol traidisiúnta
Amhrán/Song: An Crúiscín Lán
Bia/Food: Bia mara
Deoch/Drink: Uisce beatha
Scannán/Film: The Molly Maguires
Clár Teilifíse/TV show: Clár fáisnéise
Podchraoladh/Podcast: Beo Ar Éigean
Ainmhí/Animal: Madra
Áit in Éirinn/Place in Ireland: Cathair na Mara (see pic)
Frása Gaeilge/Irish Phrase: Labhair cibé Gaeilge atá agat!
Seanfhocal/Proverb: Is trom an t-ualach an t-aineaolas (Ignorance is a heavy burden).
Mana saoil/Life motto: Dílis i gcónaí (Semper Fidelis/Always Faithful – motto of the US Marine Corps).
Comhairle d’fhoghlaimeoirí nua/Advice for new learners of Irish: Do a little bit every day. Push yourself beyond your comfort zone.

Bígí páirteach!
Join the online Irish community at LetsLearnIrish.com.
Follow on social media @LetsLearnIrish.

Related Articles