Cérbh í Naomh Bríd?

Is é an chéad la d’Fheabhra Lá Fhéile Bríde, nó Muire na nGael mar a thugtar uirthi. Glactar leis  seo mar an chéad lá den earrach, tráth a dtosaionn an ghile ag fáil an ceann is fearr ar dhorchadas an gheimhridh. Titeann an fhéile leath slí idir grianstad an gheimhridh agus cónocht  an earraigh. Thugtaí ‘Imbolc’ ar an bhféile seo roimh theacht na Críostaíostaíochta agus ba cheann de mhórfhéilte na bliana í. Ciallaíonn an téarma seo ‘sa bholg’ mar tosaíonn na síolta ag bogadh sa chré i mbolg an domhain agus bhítí ag tnúth le torthúileacht an earraigh agus an tsamhraidh.

Cérbh í Naomh Bríd?

an dá thuairim ann ina taobh. Deir roinnt scoláirí gur pearsa stairiúil a bhí inti a mhair sa chúigiú haois agus tá tuairiscí á scríobh fúithi ón seachtú haois ar aghaidh. De réir na dtuairiscí seo rugadh í i bhFochaird gar do Dhún Dealgan in 451. Ba sclábhaí í a máthair agus ba thaoiseach ar Laighin é a hathair. Is amhlaidh a dhíol an t-athair an mháthair nuair a fuair sé amach go raibh sí ag iompar clainne. Mar sin is mar sclábhaí a rugadh Naomh Bríd. Naomh Pádraig é féin a bhaist í de réir mar a deirtear agus bhí cáil na naofachta uirthi ó bhí sí an-óg.

Bheartaigh sí gan phósadh agus a saol a chaitheamh mar bhean rialta. Ní mó ná sásta a bhí a deartháireacha mar bhí siad ag cailleadh amach ar an spré a gheobhaidís dá bpósfadh sí. La dá raibh tháinig fear chuici á lorg mar bhean chéile. Dhiúltaigh sí é ach dúirt sí leis dul isteach sa choill agus go mbuailfeadh se leis an gcailín ba dheise agus ba áille riamh agus go bpósfadh sí é. Ar ndóigh rinne sé amhlaidh agus thit gach rud amach mar a dúirt sí go dtitfeadh.

Chaith Bríd tamall de bhlianta ag dul thart ar mhainistreacha éagsúla i lár tíre sular shocraigh sí i gCill Dara. Áit naofa ina gcoimeádtaí tine bhuan ar lasadh in omós do sheandia Bríd a bhí anseo. Mná amháin a ceadaíodh in aon ghiorracht den tine agus chuir Bríd fúithi anseo i measc na mban a bhí ag aidhradh na seandé. Deirtear gur ghlac sí leis an sean-nósmhaireacht agus gur leag sí brí Chríostúil anuas air. Ach cérbh í an tsean-Bhríd?

Sean-Bhríd

Ba dhia a bhain leis an Tuatha Dé Danann í. Bhí beirt deirféar aici ar ar tugadh Bríd freisin – Bríd an Leighis agus Bríd na Gaibhneachta. Ba dhia na filíochta agus na saíochta í Bríd. Tá cuma na Críostaíochta air seo sa mhéad is go bhfuil trí phearsa i mBríd. Thugtaí omós di ag toibreacha beannaithe timpeall na tíre agus sna críocha ceilteacha ar fad. Chroctaí éadach ar chrainn in aice leis an tobar chun achainí a iarraidh ar Bhríd.

Na Tréithe a bhain le Naomh Bríd

Ceaptar gur tógadh cuid mhaith de na tréithe a bhain leis an sean-dia, nó tréithe na dtrí phearsa a bhain léi, agus gur leagadh ar Naomh Bríd na Críostaíochta iad. Tá sé suimiúil go ndeirtear gur thosaigh  sí scoil ealaíne agus scoil miotalóireachta. Níl aon dabht faoi ach go raibh cáil na naofachta uirthi. Bhí sí an-mhaith do na daoine bochta. Thainig sí go teach a hathar nuair nach raibh sí ach deich mbliana agus thug sí a chlaíomh seodmhar d’fhear bocht a bhí ag dul thar bhráid ionas go bhféadfadh sé é a dhíol agus bia a fháil dó fein.

Bhí a máthair i mbun na déiríochta ar fheirm a bhí ag draoi agus nuair a fuair Bríd a seans thug sí gach a raibh d’im san áit do na bochtain. Deirtear gur mhéadaigh Dia an stór ime arís agus nach raibh an draoi thíos lena carthanacht. Is iomaí uair a thug sí leigheas do dhaoine a bhí dall nó a raibh máchail choirp orthu.

Is é an scéal is coitianta faoi Naomh Bríd ná an margadh a rinne sí le Rí Laighean chun talamh a fháil dá clochar agus is iomaí leagan den scéal sin atá ar fáil. De réir leagain amháin den scéal bhí cluasa asail ar an rí agus tháinig sé chuici chun iad a leigheas. Dúirt Bríd go ndéanfadh sí amhlaidh ach bhí sí ag lorg paiste talún i gcomhair clochair uaidh. Ba leasc leis an rí an talamh a thabhairt uaidh ach dúirt sí nach raibh sí ach ag lorg an méid talún is a chlúdódh a clóca agus d’aontaigh an rí go dtabharfadh sé an méid sin di. Thosaigh sí ag paidireoireacht agus thit tromchodladh ar an rí. Nuair a dhúisigh sé bhí na cluasa ba dheise riamh air agus shochraigh siad ar chruinniú a bheith acu tamall ina dhiaidh sin chun ceist na talún a réiteach. Bhuail siad le chéile taobh amuigh den áit ina bhfuil baile Chill Dara anois. Dúirt an rí lei a clóca a leathadh amach. Rinne sí amhlaidh agus lean an clóca ag leathadh amach nó gur chlúdaigh sé an Currach ar fad. Ní mó ná sásta a bhí an rí ach ní raibh aon dul as aige ach beart a dhéanamh de réir a bhriathair.

Nósanna a Bhain le Féile Bríde

Cros Bríde. Ba ghnách don teaghlach Cros Bríde a dhéanamh, í a bheannú le paidreacha agus uisce coisricthe. Deirtí gur choimeád an chros an teach sábhailte ó thine don bhliain. Bhí stíleanna éagsúla ann chun na croiseanna a dhéanamh ach glactar leis an gceann a thóg RTÉ mar shuaitheantas an ceann is mó cáil na laethanta seo. Feictear Cros Bríde i dtithe go fóill agus is minic a bhronntar ceann ar theaghlach atá tar éis bogadh isteach i dteach nua.

Béile Bríde. Ba nós le daoine béile le prátaí, im agus cabáiste a chaitheamh le chéile tar éis dóibh na crosa a dhéanamh.

Na Brídeoga. Suas go dtí an lá atá inniu ann téann cailíní beaga timpeall ó theach go teach agus iad gléasta suas le clócaí agus cochaill agus bábóg á hiompar acu. Tugtar milseáin nó airgead dóibh agus bíonn cóisir bheag acu ina dhiaidh. Tá an nós seo cosúil le Lá an Dreoilín ach is cailíni amháin a théann amach. Buachaillí is mó a théadh ar an dreoilín.

Toibreacha Beannaithe. Théadh daoine go tobar beannaithe Bríde don fhéile agus thógaidís uisce ón tobar abhaile leo le haghaidh na páirceanna a bheannú ionas go mbeadh rath ar na hainmhithe agus ar na barraí sa bhliain a bhí le teacht. D’fhágaidís píosaí éadaí in aice leis an tobar dá mbeidís ag iarraidh achainí ar Bhríd. Ar ndóigh tá an nós seo chomh sean leis na cnoic.

Bean a bhí an-tábhachtach i saol na hÉireann ba ea Bríd, is cuma Bríd na PágánachtaBríd na Críostaíochta atá i gceist. Bean dhána na ndán, an dóchais agus na carthanachta í. Naomh nó dia na mban  í thar an ní eile. Ní haon ionadh mar sin go nglactar léi mar sin mar dhuine de thriúr naomh na hÉireann, Pádraig, Bríd is Colmchille agus is tráthúil é go mbeadh lá saoire poiblí againn ina honóir ar deireadh .

Join the online Irish community for cúrsaí, comhrá & ceardlanna, and follow along on social media @LetsLearnIrish – beidh fáilte romhat!

Related Articles