Máirt na hInide / Lá na bPancóg

Máirt na hInidie / Lá na bPancóg

Tugtar Máirt na hInide, nó Lá na bPancóg, ar an lá deireanach roimh thús an Charghais. Ón Laidin a thagann an focal Gaeilge ‘inid’. Is é an ciall leis an fhocal ‘Inid’ ná na peacaí a admháíl agus maithiúnas a iarraidh, rud a thig le daoine a dhéanamh tríd faoistin a dhéanamh agus a bheith ag troscadh.

Is tréimhse thábhachtach é an Carghas i bhféilire na Críostaíochta. Maireann sé 40 lá. Déanann Críostaithe troscadh i rith an Charghais i gcuimhne ar an 40 lá a chaith Íosa Críost san fhásach agus troscadh á dhéanamh aige. Bíonn sé de nós ag daoine éirí as drochnós de chineál éigin don Charghas. Tosaíonn an Carghas ar Chéadaoin an Luaithrigh agus is í Máirt na hInide an lá roimh Chéadaoin an Luaithrigh. Tugtar ‘Lá na bPancóg’ ar Mháirt na hInide freisin, mar go n-itheann daoine pancóga ar an lá sin.

Itheann daoine pancóga sula dtosaíonn siad ag troscadh don Charghas mar ní ití feoil, uibheacha, táirgí déiríochta nó bia milis i rith an Charghais. Roghnaíodh pancóga le hithe ar an lá seo ionas go mbeadh daoine ábalta fáil réidh leis na comhábhair – cur i gcás, uibheacha, bainne agus siúcra – roimh thús an Chargais.

Déantar Máirt na hInide a cheiliúradh ar bhealaí éagsúla mórthimpeall an domhain. I roinnt tíortha tugtar ‘Mardi Gras’ ar Mháirt na hInide. Is ón bhFraincis a thagann na focail ‘Mardi Gras’ agus is é an chiall atá leo ná ‘Máirt Ramhar’. Tá clú agus cáil ar fhéile ‘Mardi Gras’ i gcathair New Orleans sna Stáit Aontaithe. Le linn an cheiliúrtha in New Orleans caitheann daoine feistis agus maisc dhaite. Téann siad go dtí damhsaí masc. Bíonn mórshiúlta ollmhóra ar siúl gach lá ar feadh seachtaine. Gluaiseann paráidí móra ildaite trí shráideanna na cathrach mar chuid den fhéile. Bíonn carnabhal mór in Rio de Janeiro sa Bhrasaíl gach bliain chun ‘Mardi Gras’ a cheiliúradh.

Chun pancóga blasta a ullmhú, déanaigí seo:

  1. Cuir plúr, ubh agus bainne isteach i mbabhla.
  2. Meascadh na comhábhair le chéile.
  3. Déan cinnte go bhfuil d’fhriochtán breá té. Cuir ruinín beag ola air agus ansin caith an meascán air.
  4. Ullmhaigh na pancóga. Cuir líomáid agus siúcra orthu.
  5. Bain taitneamh as do chuid pancóga blasta!

Foclóir an lae: Pancóga, líomóid, ubh, plúr, bainne, babhla, friochtán, siúcra, subh, im.

Pancake Tuesday

The last day before the start of Lent is called Shrove Tuesday, or Pancake Day. The Irish word ‘Inid’ comes from the Latin. The word ‘Inid’ means to confess one’s sins and to ask for forgiveness, which people can do by making a confession and fasting.

Lent is an important period in the Christian calendar. It lasts 40 days. Christians fast during Lent in memory of the 40 days that Jesus Christ spent in the desert fasting. People usually give up some kind of bad habit for Lent. Lent begins on Ash Wednesday and Shrove Tuesday is the day before Ash Wednesday. Shrove Tuesday is also known as ‘Pancake Day’, as people eat pancakes on that day.

People eat pancakes before they start fasting for Lent because meat, eggs, dairy products or sweets are not eaten during Lent. Pancakes were chosen to be eaten on this day so that people could get rid of ingredients – for example, eggs, milk and sugar – before the start of Lent.

Shrove Tuesday is celebrated in different ways around the world. In some countries Shrove Tuesday is called ‘Mardi Gras’. The words ‘Mardi Gras’ come from the French and mean ‘Fat Tuesday’. The ‘Mardi Gras’ festival in the city of New Orleans in the United States is famous. During the celebration in New Orleans, people wear colourful costumes and masks. They go to masked dances. Huge processions take place every day for a week. Large, colourful parades move through the streets of the city as part of the festival. There is a big carnival in Rio de Janeiro, Brazil, every year to celebrate ‘Mardi Gras’.

To prepare delicious pancakes, do this:

  1. Put flour, egg and milk into a bowl.
  2. Mix the ingredients together.
  3. Make sure your frying pan is hot. Put a little oil on it and then throw the mixture on it.
  4. Prepare the pancakes. Add lemon and sugar.
  5. Enjoy your delicious pancakes!

Words of the day: Pancakes, lemon, egg, flour, milk, bowl, frying pan, sugar, jam, butter.

Join the online Irish community – beidh fáilte romhat!
Take a Course, join a Comhrá session or attend a Ceardlann.
For more, follow us @LetsLearnIrish – bígí páirteach!

Related Articles