Ar An Lá Seo, 20 Iúil: Neil Armstrong

20 Iúil, 1969

Ar an lá seo, 20 Iúil, 1969, shiúil Neil Armstrong ar an ngealach.

D’fhág an spásárthach Apollo 11 Florida agus é ag taisteal 40,000 ciliméadar san uair. Bhí triúr spásairí ar bord, Michael Collins, Buzz Aldrin agus Neil Armstrong, a bhí ina chaptaen ar an spásárthach.

Trí lá tar éis sin, bhí siad ag fithis na gealaí. Nuair a bhí siad réidh, chuaigh Armstrong agus Aldrin isteach sa mhodúl gealaí le tuirlingt ar an ngealach féin. Ba é Armstrong an chéad duine riamh a shiúil ar an ngealach. Dhá uair an chloig tar éis sin, lean Buzz Aldrin é. D’fhan Michael Collins leis féin sa spásárthach.

Ar an 24 Iúil, tháinig na triúr spásairí ar ais chuig an domhan agus thuirling siad ar an Aigéan Ciúin.

July 20th, 1969

On this day, July 20th, 1969, Neil Armstrong walked on the moon.

The Apollo 11 spacecraft left Florida traveling at 40,000 km per hour. There were three astronauts on board, Michael Collins, Buzz Aldrin and Neil Armstrong, who was the captain of the spacecraft.

Three days later, they were orbiting the moon. When they were ready, Armstrong and Aldrin went into the lunar module to land on the moon itself. Armstrong was the first person to walk on the moon. Two hours later, Buzz Aldrin followed him. Michael Collins remained alone in the spaceship.

On July 24th, the three astronauts arrived back to earth and landed in the Pacific Ocean.

Join the online Irish community for cúrsaí, comhrá & ceardlanna, and follow along on social media @LetsLearnIrish – beidh fáilte romhat!

Related Articles