Tasc An Lae 2025

Preasráiteas: 1 Márta, 2025

Tá sé fógraithe ag an gcomhphobal Gaeilge, Let’s Learn Irish, go mbeidh an togra idirghníomhach ‘Tasc An Lae’ á reáchtáil acu i rith Seachtain na Gaeilge 2025. Cuirfear tascanna beaga simplí trí mheán na Gaeilge ar fáil ar ardáin ar nós Instagram, Facebook agus BlueSky ó 1 Márta go dtí 17 Márta, Lá Fhéile Pádraig, ar mhaithe le foghlaimeoirí a gcuid scileanna teanga a chleachtadh agus a chéiliúradh.

Deir Dr. Rónán Ó Conghaile, Stiúrthóir Let’s Learn Irish, go bhfuil borradh mór tagtha ar líon na nGaeilgeoirí agus ar an tsuim sa Ghaeilge ó thosaigh a gcéad ranganna in Washington DC in 2009. Ag caint faoin togra is déanaí, deir sé:

“Cuireadh tús le Tasc An Lae den chéad uair in 2017, agus ghlac na céadta páirt sa togra thar na blianta. Is cúis ceiliúradh é toisc go dtugann Tasc An Lae spreagadh do dhaoine nuair a fheictear foghlaimeoirí ó achan cearn den domhan páirteach agus ag baint taitnimh as an teanga. Táimid ag súil go mór le daoine a mhealladh chuig an nGaeilge agus an teanga a roinnt ar bhealach spraoiúil cruthaitheach.”

Is é Let’s Learn Irish an soláthraí is mó cúrsaí Gaeilge d’fhoghlaimeoirí idirnáisiúnta, agus bíonn cúrsaí curtha ar fáil acu ar líne, ó thosaitheoirí go dtí an t-ardleibhéal. Deir Ó Conghaile:

“Feictear lenár gcúrsaí agus lenár gcomhráite seachtainiúla an méid suime atá ag daoine timpeall an domhain sa Ghaeilge. Leis na tascanna beaga Gaeilge seo, nach nglacann níos mó ná 10-15 nóiméad le déanamh, tugtar deis do chainteoirí taitneamh a bhaint as an teanga. Scríobh liosta siopadóireachta nó oideas, inis dúinn faoi do pheata, aistrigh liricí go Gaeilge – tascanna beaga mar sin. Ní dhíríonn na tascanna ar an teanga í féin ná ar a stádas, ach is tríd an teanga a dhéantar iad, agus is ansin a fhaightear an taitneamh agus an fhoghlaim!”

Cuirtear fáilte roimh achan duine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach i dTasc An Lae. Ní mór do dhaoine ach dul chuig @LetsLearnIrish ar na meáin shóisialta, nó cuairt a thabhairt ar LetsLearnIrish.com, le bheith páirteach!

Press Release: 1 March, 2025

The online Irish community, Let’s Learn Irish, has announced that the interactive project ‘Tasc An Lae’ will take place during Seachtain na Gaeilge 2025. Small, simple tasks will be provided in Irish on platforms such as Instagram, Facebook agus BlueSky from March 1st to March 17th, St. Patrick’s Day, to help learners practise and celebrate their Irish language skills.

Dr. Rónán Ó Conghaile, Director of Let’s Learn Irish, notes that there has been a large increase in the number of Irish learners and the interest in Irish since their first classes in Washington DC in 2009. Speaking about the initiative, he said:

“Tasc An Lae first started in 2017, and hundreds have participated in the project over the years. It’s a cause for celebration that Tasc An Lae inspires people when they see learners from all over the world participating and enjoying the language. We are looking forward to attracting folks to the language and sharing Irish in a fun, creative way.”

Let’s Learn Irish is the largest provider of Irish courses for international learners of Irish, providing online courses, from beginners to advanced. Ó Conghaile states:

“Our courses and our weekly conversations show how much interest people around the world have in Irish. With these small Irish tasks, which do not require more than 10-15 minutes to do, Irish speakers are given the opportunity to enjoy the language. Write a shopping list or recipe, tell us about your pet, translate lyrics into Irish – small tasks like that. The tasks do not focus on the language itself or on its status, but they are done through the language, and that is where the enjoyment and learning is found!”

Anyone with an interest in Irish and Gaelic culture is welcome to participate in Tasc An Lae. All you have to do is go to @LetsLearnIrish on social media, or visit LetsLearnIrish.com, to get involved!

Bígí páirteach!
Join the online Irish community at LetsLearnIrish.com.
Follow on social media @LetsLearnIrish.

Related Articles