An Fheirm: The Farm

Below are words and phrases associated with Topaic na Seachtaine:

An Fheirm

(The Farm)

 

Focail / Words

A wild boar – Torc allta
Fertile – Torthúil
Fowl – Éanlaith
Haystack – Coca féir
Horseshoe – Crú capaill
Natural – Nádúrtha
Sheep dog – Madra caorach
Stack of corn – Staca arbhair
The animal – An t-ainmhí
The beast – An beithíoch
The calf, calves – An gamhain, na gamhna
The bird, birds – An t-éan, na héin
The bull, bulls – An tarbh, na tairbh

The calf, calves – An lao, na laonna
The cow, cows – an bhó, na ba
The foal, the foals – An searrach, na searraigh
The harvest moon – Gealach na gcoinleach
The heifer, heifers – an bearach, na bearacha
The hoof, hooves – an chrúb, na crúba
The horn, horns – an adharc, na hadharca
The horse, horses – an capall, na capaill
The paw, paws – an lapa, na lapaí
The pig, pigs – an mhuc, na muca
The piglet, piglets – an banbh, na bainbh
The sheep, sheep (plural) – an chaora, na caoirigh

Frásaí / Phrases

We had hens. – Bhí cearca againn.

I have hens. – Tá cearca agam.

Do you have a farm? Yes/No. – An bhfuil feirm agat? Tá/Níl.

Does your family have a farm? – An bhfuil feirm ag do theaghlach?

I was not on a farm before. – Ní raibh mé ar fheirm riamh.

Farm work is hard. – Tá obair fheirme deacair.

My grandfather had a farm. – Bhí feirm ag mo sheanathair.

We had horses when I was young. – Bhí capaill againn nuair a bhí mé óg.

What farm animals do you prefer? – Cad iad na hainmhithe feirme is fearr leat?

Have you ever milked a cow? Yes/No. – Ar bhligh tú bó riamh? Bhligh/Níor bhligh.

What sounds do you hear on a farm? – Cad iad na fuaimeanna a chloiseann tú ar fheirm?

Do farmers like the weather in your area? – An maith le feirmeoirí an aimsir i do cheantar féin?

Bígí páirteach!
Join the online Irish community at LetsLearnIrish.com.
Follow on social media @LetsLearnIrish.

Related Articles